Céalta agus léaráidí de shaol agus d’oidhreacht Cholm Cille. Saothar ealaíne a rinne an Néarlár mar chuid as a part of a Colmcille Exhibition for Derry City and Strabane District Council & Donegal County Council.

CRÉ GHARTÁIN

520/521 AD. Agus í ag tabhairt Colm Cille ar an saol, doirteann fuil Eithne ar an talamh, Uaidh sin amach, tá cré ón spota sin chomh bán agus chomh mín le plúr. Creidtear nach ndófar nó nach mbáfar go deo an duine a itheann an chré sin nó a iompaíonn thart leis í. Ní thig ach le duine ó Ghartán é a thochailt agus a scaipeadh. Is é sin muintir Uí Fhrighil sa lá atá inniu ann, atá de shliocht dheartháir Cholm Cille, deirtear.

AN NAOMH AGUS AN TOBAR BEANNAITHE

Agus Colm Cille i nDoire, tugtar páiste chuige lena bhaisteadh ach níl aon uisce ar fáil. Déanann Colm Cille comhartha na croise os cionn cloiche agus sileann uisce uaidh.

Sa lá atá inniu ann, ar an 9 Meitheamh gach bliain, stiúrann sagart mórshiúl síos an chnoc ó Eaglais an Túir Fhada go Tobar Cholm Cille, an cloch ónar shil an t-uisce. Ansin, déanann sé an tobar a bheannú agus cosaint a iarraidh le haghaidh lucht leanúna Cholm Cille. Deirtear go bhfuil leigheas ar ghalair na súl san uisce ón tobar seo, atá maisithe le duilleoga darach.

COLM CILLE AGUS NA DEAMHAIN

After St Patrick banished the evil spirits from Croagh Patrick, they fled to Glencolmcille which they filled with a deep mist. Much later, when Colmcille arrives to banish these angry demons, the devil throws a spear at his party, killing his servant an Chearc. Enraged, Colmcille hurls the spear and his holy bell back into the valley. He banishes the demons to the sea, where they became red fish, blind, harmless and inedible.

CLOCH AN CHÚ

Ní thabharfaidh rí Thoraigh, Oilill, talamh do Cholm Cille chun a mhainistir a thógáil ach aontaíonn sé é a thabhairt dó nuair a iarrann Colm Cille an talamh a chlúdaíonn a chlóca amháin. Ach nuair a osclaíonn Colm Cille amach a chlóca, leathann sé amach ar fud an oileáin. Agus é ar mire leis an chleasaíocht seo, tugann Oilill ordú dá mhadra an naomh a ionsaí ach ar a fheiceáil dó comhartha na croise, léimeann an madra isteach san fharraige agus maraítear é, agus fágann sé lorg coise ar an gcloch.

ARRACHT AN LOCHA

Téigh siar go lá samhraidh, 565 AD. Is gá do Cholm Cille loch ollmhór agus abhainn in Albain a thrasnú. Agus é ag spágáil isteach san uisce, nochtann beithíoch scáfar os a comhair. Agus comhartha na croise á dhéanamh ag Colm Cille, béiceann sé, ‘Ní rachaidh tú níos faide, téigh siar láithreach’. Teitheann an t-arracht. Iarrann muintir na háite, ar baineadh siar astu, ar Cholm Cille Críostaithe a dhéanamh díobh. Is é seo an chéad uair a bhfacthas arracht cáiliúil. Cén arracht é?

COLM CILLE AGUS AN SCLÁBHAÍ CAILÍN

Bhíodh brón ar Cholm Cille gach uair a d'fheiceadh sé páiste brónach. Lá amháin, agus é ag tabhairt cuairt ar dhraoi Albanach, tugann sé cailín beag tanaí a bhfuil aghaidh taibhsiúil uirthi faoi deara. Nuair a insítear dó gur sclábhaí Éireannach í, iarrann sé ar an draoi í a scaoileadh saor. Diúltaíonn sé. Níl inti ach sclábhaí cailín, tar éis an tsaoil. Go gairid ina dhiaidh sin, éiríonn an draoi breoite agus cuireann sé faoi choinne Chol Cille, a bhfuil clú air mar gheall ar a chumhachtaí leighis. Ach ní leigheasfaidh Colm Cille é go dtí go ligeann sé an cailín saor. Ar dtús, diúltaíonn an draoi, ach de réir mar a éiríonn a phian dofhulaingthe, géilleann sé. Scaoiltear saor an sclábhaí cailín.

AG LABHAIR LE HAINGIL

One day Columba tells his monks he is going to the machair (a fertile plain on Iona) and wishes to go alone. One monk, however, follows him and discovers Columba praying with his arms spread out towards heaven. Suddenly he is joined by a host of holy angels, dressed in white, who talk with him before, realising they are being spied on, quickly return to heaven. This story is from the Life of Columba by Adhamhnán of Iona.

CATH DHÚN CEITHIRN

The great battle Colmcille predicted is thought to have taken place at what is known today as the Giant’s Sconce. It is 632 AD. From the fortress of Dún Ceithirn the defenders can see past the River Bann to the sea beyond. Desperate cries fill the air as the forces of Congal Caoch, from east Ulster, and Domhnall Mac Aodha, a relative of Colmcille’s and king of Tara, meet in fierce warfare. Domhnall wins, but the cost is terrible.