CHOLM CILLE 1500

1500 bliain ó shin, rugadh duine de na daoine ba cháiliúla in Éirinn i nGartán, Co. Dhún na nGall. Ón dúchas láidir sin in iarthuaisceart na hÉireann, chuaigh Colm Cille (nó Naomh Columba) ar aghaidh chun bheith ina cheannródaí ar athrú cultúrtha agus sóisialta ar fud an domhain. Bhí sé ar dhuine den triúr naomhphátrún in Éirinn, ina naomhphátrún ar Dhoire agus tá a thionchar le brath fiú sa lá atá inniu ann. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar an fhear má théann tú síos tríd an amlíne staire thíos.

Tháinig Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin le chéile, le tacaíocht ó Chiste Forbartha an Iarthuaiscirt, le comóradh a dhéanamh ar shaol agus oidhreacht iontach Cholm Cille. Bhí imeachtaí Cholm Cille ar siúl ar 7 Nollaig 2020 go 7 Nollaig 2021, agus roinnt imeachtaí ar siúl in 2022 féin, agus beocht curtha in oidhreacht Cholm Cille le ceol, spioradáltacht, oidhreacht, litríocht, teanga, drámaíocht agus ealaín. Ar an tsuíomh gréasáin tá cuid de bhuaicphointí agus áiseanna na bliana lena n-airítear:

  • gairid cuimhneacháin Leabhrán‘Bliain i mBuaicphointí’
  • gairid de bhuaicphointí Físeán ina bhfuil píosaí scannánaíochta ladrainn ó Ghartán, Gleann Cholm Cille agus Doire.
  • Liosta de na himeachtaí uilig a bhí ann do Cholmcille 1500 (páirtithe áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta)
  • Online or legacy acmhainní that were created for Colmcille 1500
  • A Léarscáil mhaisithe d’áiteanna tábhachtacha in Éirinn agus in Albain a bhfuil baint acu le Colm Cille

Stair Cholm Cille

LUATHBHLIANTA
Rugadh é i ríochas na hÉireann agus mar sin, b’fhéidir go raibh sé i gcónaí i ndán do Cholm Cille rudaí móra a dhéanamh. Chuir an clan Cenél Conaill as ríshliocht Uí Néill fáilte roimhe isteach ina chlann an 7 Nollaig 520 nó 521 AD i nGartán, Co. Dhún na nGall. Ba Feidhlimid a athair, taoiseach Thír Conaill a raibh meas mór air, agus banphrionsa de shliocht uasaicme i Laighean ab ea a mháthair Eithne. Deirtear gurb é an rí págánach fíochmhar finscéalach, Niall na Naoi nGiallach, sin-sin-seanathair Cholm Cille - is féidir a rá go bhfuil an cháil is mó air mar gheall ar sclábhaí óg a ghabháil sa Bhreatain Bheag agus é a thabhairt go hÉirinn, agus ba Naomh Pádraig é an sclábhaí sin. In ainneoin a theaghlaigh iomráitigh agus éileamh dlisteanach a bheith aige, ní raibh aon rún ag Colm Cille dul i gceannas ar ríchathaoir Uí Néill.
OIDEACHAS
Bhí sé ina thraidisiún san am ag an dream ba mhó maoin a bpáistí a thabhairt do thuismitheoirí altrama le hoideachas a fháil agus b’amhlaidh an scéal ag Colm Cille. Ghlac an sagart Cruithneachán leis, an duine a bhaist é agus a thug dó ina dhiaidh sin a chéad bhlaiseadh ar oideachas creidimh, cé go raibh sé roimhe sin ar oiliúint mar bhard in ealaín na filíochta. Fuair sé a ghairm, áfach, sa Chríostaíocht agus oileadh ar dtús é i gCill Mhic Réanáin, agus ina dhiaidh sin faoi Fhinnian Mhaigh Bhile agus faoi Fhinnian Chluain Ioraird. Tharla fosta go ndearna sé staidéar i gcuideachta daoine eile a bhí ina naoimh ina dhaidh sin – go háirithe Cainneach agus Comhghall – agus oirníodh ina shagart sa deireadh é in 551.
BUNÚ MHAINISTIR DHOIRE
Deirtear gurbh é Colm Cille a chuir na chéad síolta le taobh bhruach thiar An Fheabhail, rud ba chúis sa deireadh le fás Chathair Dhoire an lae inniu. D’fhás pobal sa cheantar nuair a rinne Colm Cille mainistir in 545 a mheall cuid mhór lonnaitheoirí mar gheall ar thábhacht chultúrtha na hinstitiúide creidimh. Doire Chalgaigh an chéad ainm a bhí air, rud a léiríonn an t-ardmheas a bhí ar Cholm Cille. Tugtar onóir do Cholm Cille i nDoire agus san Iarthuaisceart go dtí an lá inniu – leis an fhírinne a dhéanamh, síltear a oiread sin de gur moladh ar na saolta deireanacha go ndéanfaí dealbh ollmhór den fhear ar ghrinneall An Fheabhail, amhail an dealbh chlúiteach, Críost an Slánaitheoir, in Rio de Janeiro.
TORAIGH & GLEANN CHOLM CILLE
I ndiaidh bhunú mhainistir Dhoire, meastar gur bhunaigh Colmcille idir 55 agus 66 suíomh Críostaí ar fud na hÉireann. Orthu sin bhí mainistreacha i nDroim Chliabh, Ceanannas agus Darú, ach bhí roinnt mhaith ann fosta i gContae Dhún na nGall amhail Ráth Bhoth, Cill Mhic Réanáin agus Droim Thuama. Tá tábhacht ar leith, áfach, le Gleann Cholm Cille agus deirtear go raibh sé ina chónaí ansin ar feadh dhá bhliain, agus tábhacht le Toraigh nó nuair a tháinig sé i dtír ansin casadh Ailill, an rí págánach, air. Thug Ailill cead do Chom Cille a mhainistir a dhéanamh ar phíosa talaimh ar aon mhéid lena chlóca, ach go míorúilteach spréigh an clóca thar an oileán ar fad. Bhuail fearg an rí agus dhreasaigh sé a chú sa chuairteoir ach rinne Colm Cille comhartha na croise, agus léim an cú isteach san fharraige gur bádh é ach d’fhág sé lorg a chrúb ar charraig, agus tá ‘Cloch an Chú’ ar an charraig sin go dtí an lá inniu.’
CATH CHÚIL DREIMHNE
D’éirigh Colm Cille sáite i scannal míchlúiteach nuair a tháinig Finnian Mhaigh Bhile ar ais ón Róimh agus téacs leis darbh ainm “Vulgate” agus bhí Colm Cille ag iarraidh cóip a dhéanamh de. Ní thug Finnian cead dó, áfach, ach rinne Colm Cille cóip de ar scor ar bith, rud a chuir tús le hachrann a tugadh chun na cúirte agus chuig Diarmaid, Ardrí na hÉireann. Thaobhaigh Diarmaid le Finnian, á rá na bhfocal cáiliúil: “Is le gach bó a lao, agus le gach leabhar a chóip.” Chuir Colm Cille suas don bhreith sin, agus le tréan míshástachta d’iarr se cuidiú Chlann Uí Néill, agus ba é an deireadh a bhí air Cath fuilteach Chúil Dreimhne i Sligeach in 561. Fuair corradh le 3,000 fear bás sa troid agus fuair Colm Cille an bhuaidh ar Dhiarmaid, rud a d’fhág go raibh sé ábalta a chóip (An Cathach) a choinneáil. Chuir an doirteadh fola samhnas ar chliarlathas na heaglaise, agus díbríodh Colm Cille as Éirinn.
AG LONNÚ IN OILEÁN Í
Nuair a díbríodh Colm Cille, sheol sé trasna Shruth na Maoile ag tarraingt ar Dhál Riada in Albain in 563 i gcuideachta 12 chompánach. Bhí cairde aige in áiteanna tábhachtacha – mar gheall ar a ghinealach ríoga, is dócha – mar sin chuaigh sé i dteagmháil lena chol ceathrair, an rí Gaelach Albanach Conall mac Comhaill, a bhronn Oileán Í air go gairid i ndiaidh dóibh teacht. Is ansin a rinne Colm Cille a mhainistir ba chlúití a bhí ina dhiaidh sin ar na hionaid chultúrtha agus chreidimh ba cháiliúla sa Bhreatain agus in Éirinn agus is í ba chúis le cuid mhór de phágánaigh na hAlban, thuaisceart Shasana agus fiú codanna den Eoraip tiontú chun na Críostaíochta. Bhí tábhacht le hOileán Í i bhfad i ndiaidh bhás Cholm Cille nó is iomaí lámhscríbhinn a chruthaigh manaigh an oileáin, Leabhar iontach Cheanannais san áireamh, leabhar atá thart ar 1200 bliain d’aois.
EACHTRA MHIOTASACH LE HOLLPHÉIST LOCH NIS
Deirtear gurbh é Colm Cille an chéad duine a tháinig ar ollphéist mhiotasach Loch Nis in 565, trí bliana i ndiaidh é bogadh go hAlbain. Agus é ag taisteal fríd na Garbhchríocha ar a mhisean le briathar Dé a chraobhscaoileadh, deirtear gur éirigh an ollphéist as doimhneacht an locha agus gur réab sí i dtreo Lughaidh, duine de dheisceabail Cholm Cille. Nuair a chonaic Colm Cille an ollphéist, deirtear go ndearna sé míorúilt, ag inse di “imeacht siar ar luas lasrach” in ainm Dé. Ghluais an toirt mhíchlúiteach síos ar an bhomaite chuig an áit a dtainig sí as, agus tháinig Lughaidh slán. Is as scríbhinní Adhamhnáin an cuntas cáiliúil seo. Scríobh Adhamhnán cuntas ar shaol Cholm Cille corradh le céad bliain i ndiaidh a bháis.
COMHDHÁIL DHROIM CEAT
D’fhill Colm Cille ar a thír dhúchais go hÉirinn don Chomhdháil Dhroim Ceat cáiliúil sa bhliain 578. Ba é Léim an Mhadaidh an áit don bhailiúchán ríoga seo inar tháinig na daoine uaisle le chéile ina measc bhí Áedán Mac Gabráin, Rí Dál Riata agus an Rí Éireannach de Cenél Conaill Áed Mac Ainmerech. Deirtear gurb é Colm Cille an ceann feadhna don ócáid, ag cothú comhcheilge i gcoinne a namhad choiteann Báetán Mac Cairill, rí Oirthear Uladh. Is dócha gurbh é príomhchuspóir na comhdhála ‘láidreacht le chéile’ a thaispeáint agus thuig na páirtithe go léir go mbeadh comhghuaillíocht chun leasa dóibh. Deirtear gur ghreamaigh Colm Cille fóid ithreach na hAlban ar a bhróga toisc nár theastaigh uaidh seasamh ar mhóin na hÉireann, agus sheol sé cosaint lom freisin ar son na mbardaí a bhí faoi lámhach as a gcuid ‘focal casta’.
BÁS & OIDHREACHT
I ndiaidh saol a chaitheamh lán eachtraí agus drámaí, is é is dócha go bhfuair Colm Cille bás ar 9ú Meitheamh, 597 agus é idir seachtó agus ochtó bliain d’aois. Cé gur chuir a lucht leanúna dílis i gcré na cille in Oileán Í é, tá cuid dá thaisí anois i nDún Pádraig, Co an Dúin i gcuideachta mór le rá – a chomhphátrúin eile na hÉireann, Pádraig agus Bríd. Maireann oidhreacht Cholm Cille go dtí an lá inniu – 1,500 bliain níos moille, tá Páirc Cholm Cille i nDoire, Gleann Cholm Cille i nDún na nGall agus Paróiste Cholm Cille i nDún Éideann agus tá siad sin ar na céadta d’áiteanna ar fud an domhain a bhfuil a ainm leo in ómós do na héachtaí a rinne sé.
Previous
Next

Amharc ar liosta d’imeachtaí Cholmcille 1500 agus naisc le himeachtaí ar líne a bhí ann le linn an cheiliúrtha 1500 bliain.

Áiseanna ar líne agus naisc úsáideacha.

Amharc ar Phreasráitis ó Cholm Cille 1500.

Bronnadh maoiniú ar 18 dtionscadal trí Scéim Deontais Cholmcille 1500.

Scéalta agus léaráidí de shaol agus d’oidhreacht Cholm Cille.

BUAICIMEACHTAÍ

The Gallery section also includes links to Instagram posts and you can find a table of historical and background information used for social media here.

COLMCILLE 1500 SURVEY
https://www.surveymonkey.co.uk/r/colmcille1500

We’ve had about 30 returns for our survey and would love to see more! If you haven’t had a chance to complete it yet, it would be great to have your feedback.

Click on the link above to tell us what you thought in terms of Colmcille 1500 events, online content, marketing and legacy. The survey is related to any/all aspects of the wider Colmcille 1500 programme (i.e. organised across local, regional and national partners). It should take only a few minutes and all answers are anonymous.
#colmcille1500
...

COLMCILLE 1500 SURVEY
https://www.surveymonkey.co.uk/r/colmcille1500

Did you attend any events, participate or follow the Colmcille 1500 programme in any way? We would love to get your feedback on your experience of the year. Click on the link above to tell us what you thought in terms of events, online content, marketing and legacy. The survey is related to any/all aspects of the wider Colmcille 1500 programme (i.e. organised across local, regional and national partners). It should take only a few minutes and all answers are anonymous.

#colmcille1500 @donegalcountycouncil @dcsdcouncil
...

Did you know that 15th August was one of the traditional days to visit a St Colmcille Holy Well or is part of a traditional ‘Turas’ (journey or pilgrimage) period running from the saint’s Feast Day on 9th June?

In Gleann Cholm Cille (Glencolmcille), the ‘Turas Cholm Cille’ is performed between 9th June and 15th August each year and is 4.8km long, taking about three hours to complete. Pilgrims visit 15 stations and perform specific prayers and rituals at each. You can take a virtual tour of the Turas at https://voicesfromthedawn.com/glencolumcille and see 3D models of the stations/ancient monuments at https://skfb.ly/opR9R

Image credit: Oideas Gael

#colmcille #colmcille1500 #columba
...

THE GLEBE HOUSE & GALLERY

Did you know that Glebe House, located near Colmcille’s birthplace, was originally known as St Columb’s? It was built in 1828 as the rectory to St Columba’s (Church of Ireland), Churchill, in the Parish of Gartan. It was later sold and opened as St Columb’s Hotel in 1898, running as a hotel until the 1950s when it was bought by landscape and portrait painter Derek Hill. In 1981, Hill donated St Columb’s, and his private art collection there to the Irish state and his former studio was converted to a gallery. Tours of the house are available and you can see an eclectic mix of works on display ranging from Pablo Picasso to Edgar Degas as well as Irish artists James Dixon, Jack Butler Yeats and Louis le Brocquy. You can find further information at https://glebegallery.ie.

#colmcille #colmcille1500 #columba #GlebeHouse&Gallery
...

INFORMAL CLOSING EVENT
Monday 27th June 2022 at 2.30pm | Colmcille Heritage Centre, Gartan, County Donegal

An informal event to mark the end of the Colmcille 1500 programme being jointly delivered by Donegal County Council and Derry City & Strabane District Council is being held in Colmcille’s birthplace on 27th June. We will launch a short souvenir publication and Dr. Brian Lacey will join us to share some reflections of the past year as a very fitting wrapping up of the programme. Places are limited so booking is essential. If you are interesting in attending please RSVP by Wednesday 22nd June by emailing colmcille1500@donegalcoco.ie.

#colmcille #colmcille1500 #columba
...

FEAST DAY | 9TH JUNE 2022 | COLMCILLE COLOURING BOOKS

Donegal Heritage Office has produced a colouring book as part of the Colmcille 1500 commemorations which highlights some of the heritage sites, places, objects and archives associated with St. Colmcille’s life and legacy.

For the Feast Day, free copies are being made available from local libraries. You can also pick up a copy from the Donegal County Museum, County Donegal Heritage Office or download a digital version at www.donegalcoco.ie/heritage.

Copies have also been distributed to all 23 primary schools named after the Saint across the two Council areas.

#colmcille #colmcille1500 #columba
...

FEAST DAY | 9TH JUNE 2022

Happy St. Colmcille/Columba Feast Day! A reminder that you find further details of plans to mark the Feast Day across the North West region at http://ow.ly/rt5850JoVxb.

First up this morning, a special mass in St Eunan’s Cathedral in Letterkenny, celebrated by the Bishop of Raphoe, will be broadcast on the RTÉ News Channel at 10.30am. Whilst this evening, the Bishop of Derry will mark the Feast Day with mass at St. Columba’s Church, Long Tower, at 7.30pm followed by a blessing of St. Columb’s Well in Derry. A special ‘An Turas’ pageant will follow.

Meanwhile, St Augustine’s Church wil celebrate 150 years since it was consecrated on 9th June 1872 with a special Feast Day performance by Opera Hibernia at 7.30pm https://www.eventbrite.co.uk/e/st-augustines-150th-anniversary-concert-tickets-345622314647?fbclid=IwAR133k7oIP4RSSqGKvnyMK1viXxI1Pj5ghYiwmMht9PVKJjU9oNTXa7yY6I

#colmcille #colmcille1500 #columba
...

LÁ FHÉILE CHOLM CILLE

An tIarthuaisceart le ceilúradh a dhéanamh ar Lá Fhéile Colm Cille agus deireadh ag teacht le himeachtaí ceilúrtha 1500 bliain

Tá pleananna á ndéanamh le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Fhéile Colm Cille le sraith imeachtaí ar siúl ar fud an Iarthuaiscirt Déardaoin 09 Meitheamh.

http://ow.ly/rt5850JoVxb

#colmcille #colmcille1500 #columba
...

FEAST DAY | 9TH JUNE 2022 | GLEANN CHOLM CILLE

See below for details of events taking place for the Feast Day in Gleann Cholm Cille:
• Turas Colmcille Meán Oíche (Wednesday midnight) Meeting at Church of Ireland, Glencolmcille
• Aifreann as Gaeilge 10 i.n., Teach Phobal Naomh Columba, An Chaiseal, Gleann Cholm Cille. Mass in Irish at St. Columba's Catholic Church, Glencolmcille
• Turas Colmcille 12 noon, Community Led group to do the Turas Colmcille, Glencolmcille. Meeting at St. Columba's Church of Ireland, Glencolmcille.
• An information stand with tea/coffee/refreshments will be at St. Columba's Church of Ireland, Glencolmcille from 11am-4pm.

#LárchomhairleParóisteGhleanncholmcille
(083)025 0509

#colmcille #colmcille1500 #columba
...

An Turas- The Journey: A Celebration of Colmcille
📆 Thursday 9th June 2022 approximately 8.30pm
📍 St. Columb’s Well, Derry

The evening will explore Colmcille’s life and legacy. Featuring dance, theatrical poetry readings, installations and the finest of local traditional musicians, this is an experience not to be missed.

🌐More info: https://bit.ly/3PUmv7y
...

𝐂𝐞𝐥𝐞𝐛𝐫𝐚𝐭𝐢𝐨𝐧 𝐨𝐟 𝐒𝐭. 𝐂𝐨𝐥𝐮𝐦𝐛𝐚'𝐬 𝐋𝐢𝐟𝐞 𝐚𝐧𝐝 𝐌𝐢𝐧𝐢𝐬𝐭𝐫𝐲
📆 Sunday 5th June 3pm-4pm
📍 St Colmcille's Abbey, Churchtown/Rath Cnó, Gartan, Co. Donegal

The Church of Ireland, Diocese of Derry & Raphoe, are holding a special event at St. Colmcille's Abbey in Gartan, County Donegal, to mark the Feast Day.

Bishop Andrew Forster (Bishop of Derry and Raphoe) will be speaking at the event at 3.00pm which will include music, prayers as well as children's activities.
Refreshments available afterwards. Everyone is welcome.
...

Gaeilge